Admin Login

Pop-up Gaeltacht sa Ghaeltacht le CLG Chill Chartha

By Sinéad Breen Donegal PRO Tue 7th Mar

Pop-up Gaeltacht sa Ghaeltacht le CLG Chill Chartha
Pop-up Gaeltacht sa Ghaeltacht le CLG Chill Chartha

Pop-up Gaeltacht sa Ghaeltacht le CLG Chill Chartha

D’eagraigh an club CLG Chill Chartha ‘Pop-up Gaeltacht’ i dTeach John Joes, Cill Chartha ar an 3ú lá de mhí Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2023 agus an Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha.

Chruthaigh Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha an coincheap atá taobh thiar den téarma ‘Pop-up Gaeltacht’ nó ‘Preab-Gaeltacht’, de bharr sin tá na daoine le cumas teanga difriúil ábalta bualadh le chéile chun Gaeilge a labhairt in áit neamhfhoirméalta – de ghnáth teach tábhairne.

What is a Pop-Up Gaeltacht? ‘A Pop-Up Gaeltacht is an informal gathering of Irish speakers of various abilities (often in a bar) where they can meet and talk in a convivial atmosphere’.

Bhain achan duine sult as an oíche, lán le cultúr, ceol agus craic i gCill Chartha, d’eagraigh Aimée Ní Bheirn, Oifigeach na Gaeilge CLG Chill Chartha an ‘Pop-Up Gaeltacht’ le tacaíocht ó Ghlór na nGael. Is mac léinn MA i Léann na Gaeilge í Aimée ó Fhiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Dar le hAimée, “tá neart daoine ann ón cheantar seo le Gaeilge ach caithfidh muid imeachtaí a eagrú, imeachtaí atá oscailte d’achan duine atá ag iarraidh a bheith páirteach. De bharr sin tá CLG Chill Chartha ag iarraidh Pop-Up Gaeltacht a eagrú go rialta, tá mé iontach sásta leis an chéad imeacht agus tá muid ag súil go mór leis an chéad cheann eile”.

Gabh Mícheál Mac Seáin, cathaoirleach CLG Chill Chartha buíochas leis an slua a bhí ann ag cur béim ar an Ghaeilge trí mhodh nua. Chuir Naomi Nic Giolla Chearra tús den tsiamsaíocht ar an oíche chan sí amhrán as Gaeilge, tar éis sin d’aithris John Joe Ó’Beirne dán ‘An Bonnán Buí’ le Cathal Buí Mac Giolla Ghunna agus chan daoine eile cúpla amhrán fosta. Thacaigh gnóthaí nó daoine áitiúla leis an imeacht agus ba mhaith le CLG Chill Chartha bhuíochas a chur in iúl do Theach John Joes, Drioglann Ard an Rátha/Driogairí Shliabh Liag agus d’ealaíontóir smididh Laura Ní Bheirn freisin.

Bhí an seanfhocal ‘Beatha teanga í a labhairt’ scríofa ar an phóstaer don imeacht le CLG Chill Chartha agus míníonn an seanfhocal seo an tabhacht atá i gceist le himeachtaí a chruthú chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail. Tá CLG Chill Chartha ag iarraidh níos mó imeachtaí agus ranganna a eagrú trí mheáin na Gaeilge.

Tharla an Pop-Up Gaeltacht le CLG Chill Chartha trí thacaíocht ó Ghlór na nGael, Foras na Gaeilge agus Foclóir.ie.

Pictiúr 1: Mícheál Mac Seáin, John Joe Ó’Beirne, Jerome Mac Seáin

Pictiúr 2: Liam Ó Dochartaigh, Paul Ó Heigheartaigh, Kieran Ó Baoill, Ross Ó Brádaigh, Máirtín Ó Beirne, Mícheál D. Ó Domhnaill agus Trevor Mac Briartaigh

Pictiúr 3: Rosie Nic Giolla Chearra agus Sorcha Ní Chonaire

Pictiúr 4: Rosie Nic Giolla Chearra, Sorcha Ní Chonaire, Aimée Ní Bheirn agus Seán Ó Beirne

Piciúr: Christine, Rachel agus Mary

Pictiúr 4: Grúpa beag déagóirí

Pictiúr 5: Uachta

 

By Sinéad Breen Donegal PRO Tue 7th Mar

Related News

View All

Main Sponsor

Our Sponsors