Comhghairdeas le Finnbarr 📢

By Sinéad Breen Communications Officer Wed 29th Oct

Donegal GAA
Comhghairdeas le Finnbarr 📢
Comhghairdeas le Finnbarr 📢

D’fhógair RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go bhfuil Gradam Shéamuis Mhic Géidigh d’imreoir na craoibhe 2025 i nDún na nGall le bronnadh ar Finnbarr Roarty ó fhochumann Naomh Conaill.

Fuair Naomh Conaill an bua ar Ghaoth Dobhair i mbliana i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall agus bhí taispeántais Finnbarr sa chraobh speisialta ar fad.

Dúirt Damien Ó Dónaill ó RTÉ Raidió na Gaeltachta:

“Bhí taispeántas Roarty i gcluiche ceannais na bliana seo ar fheabhas, agus tharraing sé a fhoireann leis ar an lá leis an bhua a fháil. Níl Finnbarr ach naoi mbliana déag d’aois ach ba é a bhí mar cheannaire ag Naomh Conaill i mbliana sa chraobh nuair a bhí an ceannaireacht sin de dhíth ar an fhoireann. Bhí bliain mhór aige lena chontae fosta agus tá mé cinnte go mbeidh tuilleadh gradam le fáil aige. Comhghairdeas le Finnbarr agus mo bhuíochas fosta d’iriseoirí spóirt na contae seo agus le Sineád Breen, Oifigeach Cumarsáide CLG Dhún na nGall a tháinig le chéile le buaiteoir ghradam na bliana seo a roghnú.”

 

Séamus Mac Géidigh

Bronntar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh gach bliain ar imreoir na craoibhe i nDún na nGall. Is iad coiste d’iriseoirí spóirt Dhún na nGall chomh maith le hOifigeach Cumarsáide CLG Dhún na nGall a dhéanann an rogha, agus is é Damien Ó Dónaill, ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhíonn i mbun cathaoirleachta ar an choiste.

Bronnfar an gradam ar Finnbarr Roarty ag Dinnéar Bliantúil CLG Dhún na nGall Dé Sathairn 1 Samhain in Óstán an Abbey i mBaile Dhún na nGall.

Cailleadh an craoltóir agus an tráchtaire spóirt Séamus Mac Géidigh sa bhliain 2016. Thionscain RTÉ Raidió na Gaeltachta an gradam seo ina onóir. Go dtí seo, bronnadh an gradam ar Michael Murphy, Mark McHugh, Odhrán Mac Niallais, Ciarán Thompson, Caolan Ward, Brendan Mc Dyre, Oisín Gallen agus Shane O Donnell.

—————————————————————————————————RTÉ Raidió na Gaeltachta announced today that the Gradam Shéamuis Mhic Géidigh award for the player of the Donegal Championship 2025 is to be presented to Naomh Conaill’s Finnbarr Roarty.

Naomh Conaill beat Gaoth Dobhair in this years Championship Final that went to extra time and Finnbarr was exceptional in this year’s championship campaign.

Damien Ó Dónaill, of RTÉ Raidió na Gaeltachta, said:

“Roartys performance in this year’s championship was consistent throughout. He was a leader for Naomh Conaill in the games where they needed leaders on the field to get them over the line. For such a young man at 19 years of age, Roarty was one of the main men that led Naomh Conaill to another senior championship victory. Finnbarr had a very special year with his county and club and I’m sure it is one that he will always remember. I’m certain that there are many more awards to come Finnbarr’s way. Comhghairdeas le Finnbarr, and my thanks to the Donegal sports journalists and to Sinéad Breen, Donegal GAA Communications Officer, who came together to make the selection for this year’s award recipient.”

 

The Gradam Shéamuis Mhic Géidigh award is presented each year to the player of the Donegal Championship, as selected by a committee, chaired by Damien Ó Dónaill of RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Broadcaster Séamus Mac Géidigh was synonymous with Donegal GAA, and the voice of Gaelic Games in that county until his untimely death in 2016. This award was established to honour his memory. Recipients to date are Michael Murphy, Mark McHugh, Odhrán Mac Niallais, Ciarán Thompson, Caolan Ward, Brendan Mc Dyre, Oisín Gallen and Shane O Donnell.

The award was created by sculptor Redmond Herrity using Donegal Granite carved in the shape of Errigal, with an image of Séamus Mac Géidigh engraved to the front.

 

By Sinéad Breen Communications Officer Wed 29th Oct

Related News

View All

Main Sponsor

Our Sponsors

MCR Group
pod-trak
Abbey Hotel
oneills
HyGo
ATU
1000087031