Admin Login

Ádh mór ar ár gcuid iomaitheoirí i mbabhta ceannais Uladh de Scór Sinsir

By Sinéad Breen Donegal PRO Thu 18th Apr

Ádh mór ar ár gcuid iomaitheoirí i mbabhta ceannais Uladh de Scór Sinsir
Ádh mór ar ár gcuid iomaitheoirí i mbabhta ceannais Uladh de Scór Sinsir

1 / 1
Ádh mór ar ár gcuid iomaitheoirí i mbabhta ceannais Uladh de Scór Sinsir
Beidh CLG Sheáin Mhic Cumhaill ar an stáitse sa chéad chomórtas – Rince Foirne agus tá ségalánta an club seo a fheiceál ar ais ag glacadh páirt sa damhsa ag scór. San am a chuaigh thartbhí siad ar cheann de na príomh-iomaitheoirí ag rince Céilí agus tá súil againn go dtig leo dulchun cinn a dhéanadh.        
                                                                                      Is é Andy McGranagan ó CLG Naomh Adhamhnáin a dhéanfaidh ionadaíocht ar son Dún nanGall san aithriseoireacht. Fuair Andy fhad le babhta ceannais Uladh ar dhá ócáid roimhe seo.Bhéadh sé deas da dtiocfadh leis dhul rith a’ bhealaigh an t-am seo.                                                                                                            An Clochán Liath a dhéanfaidh ionadaíocht don chontae sa Nuachleas agus ar ndóigh is iadseaimpíní reatha Uladh iad agus bhí mí-ádh orthu nár bhain siad Craobh na hÉireann anuraidh.Obair mhór déanta acu imbliana arís agus beidh siad deacair a bhualadh.                                                                                                  Sa chomórtas Bailéad Ghrúpa beidh CLG Roibeard Eiméid ag glacadh páirt ar son Dún na nGall.Fuair Roibear Eiméid fhad le babhta ceannais Uladh roimh an pandéim agus is cinnte go mbéadhsé deas da dtiocfadh leo céim níos faide a glacadh i mbliana. Seo club a bhfuil tradisiún láidiracu ag scór agus ba seo an chead club as an chontae a bhain faoi dhó ag leibheal náisiúnta sacheol uirlise.
  1. Beidh Babhta Ceannais Uladh de Scór Sinsir ag toiseacht ag 12 meán lae ar an Satharn an 20úAibreán i Scoil Naomh Seosamh Doire. Ar ndóigh beidh peileadóirí Dhún na nGall ag imirt inéidean Doire níos moille an lá sin agus guímid gach rath orthu fosta agus tá súil againn gur láiontach a bheidh ann do Dhún na nGall i nDoire.
Go néirigh go geal leo go léir.
Dún na nGall Abú.

 

By Sinéad Breen Donegal PRO Thu 18th Apr

Related News

View All

Main Sponsor

Our Sponsors