Admin Login

By Sinéad Breen Donegal PRO Thu 27th Apr

Comórtas Peile na Gaeltachta – Naomh Muire, Íochtar na Rosann
Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta Dhún na nGall a óstáil ag C.L.G. Naomh Muire an deireadh
seachtaine seo. Beidh scoith na bhfoirne, idir fhir, mná agus aois óg le feiceáil ar pháirc na
himeartha an deireadh seachtaine seo agus tá muid uilig ag súil go mór leis.
Beidh na cluichí ag toiseacht tráthnóna Dé hAoine le cluiche ceannais na ngasúr faoi 15, idir
Gaoth Dobhair agus an Clochán Liath. I gCorn Amy Ní Dhúgáin ansin bhéarfaidh An Tearmann
agus Cill Chartha aghaidh ar a chéile. Seo leanas socruithe iomlán na gcluichí don deireadh
seachtaine:

 

Beidh lá gnoitheach Dé Sathairn, áit a mbeidh ceithre chluiche mór I gcomórtais na Sóisear
agus Sinsear.

Beidh lá mór an chomórtais ann ar an Luan nuair a bheas na cluichí ceannais ann. Cuirfidh
mná an Tearmainn agus Gleann Fhinne tús le imeachtaí an lae i gcluiche ceannais Sinsear na
mBan. Beidh craoladh beo a dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta ar chluichí an lae agus tá muid
ag súil le scaifte mór a bheith ar na Méilte thar an deireadh seachtaine.

Guíonn muid ádh mór ar na foirne uilig a bheas ag glacadh páirt agus ta muid ag súil go mór
le sibh uilig a fheiceáil an deireadh seachtaine seo agus don Chomórtas Náisiúnta a bheas a
reáchtáil againn i mí an Mheitheamh.

 

Ceannaigh do thicéad ar Eventbrite anois!

https://www.eventbrite.ie/e/comortas-peile-na-gaeltachta-2023-dun-na-ngall-tickets-596754828757

By Sinéad Breen Donegal PRO Thu 27th Apr

Related News

View All

Main Sponsor

Our Sponsors