Comhghairdeas le Conor Ó Gallchóir ó CLG Cloich Cheann Fhaola a bhain craobh Uladh san aithriseoireacht/scéalaíocht i Scór na nÓg i nGallbhaile, Contae Thír Eoghain ag an deireadh seachtaine. Bhí an bua ag Conor thar iomaitheoirí as Doire, Aontroim agus Ard Mhacha. Ghlacfaidh Conor páirt anois i gCraobh Cheannais na hÉireann i mBéal Feirste ar an 11ú Feabhra. Go néirigh go geal leis agus ádh mór air.