Admin Login

Gweedore GAA Club Notes 10/03/2015

By Sinéad Breen Donegal PRO Tue 10th Mar

Nótaí Ghaoth Dobhair

Iománaíocht

Bhain an foireann iománaíochta Corn an tAthair Ó hEaráin I Machaire Fíolta Dé Domhnaigh. Ghlac 12 club/scoileanna páirt sa Blitz mar chuid de Seachtain na Gaeilge. Míle buíochas do Baile na Scríne a d’eagraigh an chomortas. Bhí foirne as Aontraim, Tír Eoghain agus Doire ann, chomh maith le 2 fhoireann as Gaoth Dobhair.

Cosa in Airde.

Tá na damhsóirí ag cleachtadh leo gach oíche don ócáid seo. Beidh tuilleadh eolais amach anseo fá ticéid agus dátaí. Bígí ann agus fáigh do thicéad go luath.

Traenáil

Tá cuid mhór de na foirne ar ais ag traenáil anois. Coinnigh súil ar ‘Facebook’ áit a bhfuil sonraí ama agus áit treanála.

Peil na mBan

D’imir na cailíní sinsir in éadan An Conmhoigh ach níor éirí leo an bua a fháil ar an fhoireann bhaile. Leanfaidh an traenáil ar aghaidh.

GAA- Cluichí Domhnda

Maith sibh James Carrol agus Danny Ó Currain a fuair Gradam ‘All Star’ ag na Cluichí Domhnda in Abu Dhabi le gairid. Tá gach duine I CLG Ghaoth Dobhair fíor bródúil asaibh beirt. Tá súil againn go mbeidh sibh ar ais sa bhaile ag imirt gan mhoill.

Clarú

Níl mórán ama faghta le chlarú I mbliana. Bíonn Eoghain sa chlubtheach gach oíche Dheardaoin chun ballraíocht a ghlacadh.

Cailín Gaelach-Oíche Scór

Beidh oíche scór agus An Cailín Gaelach le roghnú ar an 28ú Márta sa Chlubtheach ag toiseacht ar a 8.00. Táille ar an oíche €5. Beidh oíche ar dóigh ann, bígí linn.

By Sinéad Breen Donegal PRO Tue 10th Mar

Related News

View All

Main Sponsor

Our Sponsors