Admin Login

Naomh Muire Club Notes 14th April 2014

By Sinéad Breen Donegal PRO Mon 14th Apr

D’imir an foireann sinsearach agus an foireann tacaíochta in éadan ár gcomharsanaí,

An Chlochán Liath oíche Shatharn ach níor éirigh le ceachtar dén dá fhoireann.

Chaill an chéad fhoireann amach le dhá phoinnte agus bhí lámh an uachtar go hiomlán

ag na cuairteoirí ins an chluiche sinsearach. 

Beidh dhá chluiche thar deireadh seachtaine na Cásca. Beidh Bun Dobhrán

ar na Méilte tráthnóna Aoine Chéasta (5:30 agus 7:00) agus ansin Domhnach Cásca beidh

na gasúraí thuas ar na Cealla Beaga (1:30 agus 3:00).

Imreoidh girseachaí faoi 14 a gcéad chluiche sa bhaile an Mháirt seo (15/04/14)

in éadan Cloich Cheann Fhaola ar na Méilte ag 6:45 i.n.

Leanfaidh traenáil na mban leis an Déardaoin seo ag na hamanta seo leanas:

Faoi 10 agus 12 ag 5:30 i.n. agus faoi 14, 16, 18 agus Mná ó 6:30 i.n. go dtí 7:30 i.n.

Beidh an chéad tarraingt de chlub an chéid 2014/15 ann ag deireadh na míosa ar an 30ú lá.

Beidh baill an chlub ag glacadh ainmneacha gan mhoill anois do dhuine ar bith atá ag iarraidh a bheith páirteach.

Téann leath den t-airgead uilig a thig isteach ar ais amach i bhfoirm duaiseanna agus tá seans agat €500 a bhaint achan mhí.

Torthaí Lotto na Seachtaine seo: Uimhreacha 1-6-16-22. Ní bhain duine ar bith an pota óir. Bhí ceathrar a raibh trí uimhir acu;

Neil Boyle, Bóthar an Ghleanna. Jach Doherty, Béal na Cruite. Danny Dunleavy,

Mullach Dubh. Pauline Carey, Mullach Dubh. Beidh €680 sa phota an tseachtain seo chugainn.

Guíonn muid biseach gasta ar Charles Doogan a chaith seal beag i Oispidéal Leitir Ceanainn le gairid.

Tá muid cinnte nach mbeidh sé i bhfad go mbeidh tú ar na méilte arís ag cuidiú linn.

Duine ar bith a mbeadh suim acu obair mar mhaor ag na postaí i rith dheireadh

seachtaine Pheil na Gaeltachta, iarrtar oraibh ghabhail i dteagmháil le

Dónal Ó Searcaigh ag donalsharkey62@gmail.com nó ar an fón ag 086 3189331.

Go raibh maith agaibh. Eolas fá Peil na Gaeltachta le fáil ar facebook agus Twitter.

By Sinéad Breen Donegal PRO Mon 14th Apr

Related News

View All

Main Sponsor

Our Sponsors