Admin Login

Comhghairdeas le Seamus Mac Ruairí – Séamus Mac Ruairí

By Sinéad Breen Donegal PRO Fri 2nd Feb

Comhghairdeas le Seamus Mac Ruairí – Séamus Mac Ruairí
Comhghairdeas le Seamus Mac Ruairí – Séamus Mac Ruairí

Séamus Mac Ruairí – Gradam an Uachtaráin

Comhghairdeas le Séamus Mac Ruairí ó CLG Naomh Muire Íochtar na Rosann a gheobhaidh Gradam an Uachtaráin ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh i mí Feabhra. Tá baint ag Seamus Mac Ruairí le cúrsaí Cumann Lúthchleas Gael le ceithre scór bliain. Bhí sé gníomhach I gcumainn cosúil le Naomh Cróine, Ruagairí na Rosann, Rann na Feirste agus do dtí an lá inniú, Naomh Muire, Íochtar na Rosann. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord na Condae i nDún na nGall agus tá meas leithedach air i gcúrsaí CLG de bharr.

Bhí sé mar dhuine de bhunaitheoirí Naomh Muire sa bhlian 1980 agus bhí sé gníomhach ar an chóiste ar feadh daichead bliain. Tá sé le feiceáil go dtí an lá inniu ar an gheata ag na cluichí ar Méilte Mhullach Dearg. Gaeilgeóir mór is é Séamus. Bhí baint aige le cúrsaí Scór agus is minic a ghlac sé páirt sna comórtaisí.

Is mór an onóir seo do Shéamuis agus is mór an trua nach bhfuil a sheanchara Tony Doherty anseo chun an ócáid a cheiliúradh le Séamus ach is cinnte go mbeidh Tony ag breathnú síos ar an ócáid ó Neamh.

Bain sult as a Shéamuis mar go bhfuil sé go hiomlán tuillte agat.

By Sinéad Breen Donegal PRO Fri 2nd Feb

Related News

View All

Main Sponsor

Our Sponsors