Beidh trí chlub as an chontae ag taisteal go Muineachán ag an deireadh seachtaine chuig Babhta Ceannais Scór na nÓg Uladh.
Is iad Naomh Columba, Bun Cranncha agus Naomh Adhamhnán a dhéanfaidh ionadaíocht ar son an chontae i Muineachán.
Guímid gach rath ar na baill agus ar na clubanna i gceist, tá éacht bainte amach acu cheana féin agus táimid cinnte go dtabharfaidh siad taispeántais den scoth arís ag an deireadh seachtaine.
By Sinéad Breen Donegal PRO Thu 13th Apr