A chara,
Leis seo gheobhaidh tú cóip den fhógra poiblí, mar eolas, i dtaca le próiseas comhairliúcháin do Phlean Teanga Chontae Dhún na nGall.
Attached, for your information, is a copy of a public notice in relation to a public consultation process commencing this week regarding an Irish Language Plan for County Donegal.
Beidh sraith de chruinnithe poiblí ar fud an chontae, ceann amháin in achan cheantar bardais, agus roinnt cruinnithe breise i gceantracha Gaeltachta.
There will be a series of public meetings throughout the county regarding this matter, one in every municipal district, and additional meetings in a number of Gaeltacht locations.
Bheinn buíoch dá ndéanfadh sibh an fógra seo a scaipeadh.
I would be grateful if you could distribute this notice among your relevant contacts.
Beidh an chéad chruinniú poiblí ar siúl i mBaile na Finne oíche Déardaoin 12 Bealtaine @ 7pm, agus beidh trí chruinniú ar siúl an tseachtain seo chugainn.
The first meeting will take place in Fintown on Thursday evening, and there will be a further three public meetings next week.
Is féidir le daoine aonaracha agus eagraíochtaí aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn suas go dtí an 10 Meitheamh.
Individuals an organisations may make written submissions up until the 10th June.
By Sinéad Breen Donegal PRO Thu 19th May