Admin Login

Comórtas Peile na Gaeltachta in Ard an Rátha

By Sinéad Breen Donegal PRO Fri 29th May

Comórtas Peile na Gaeltachta in Ard an Rátha
Comórtas Peile na Gaeltachta in Ard an Rátha

Information and Fixtures are available on ardaragaa.ie

Comórtas Peile na Gaeltachta in Ard an Rátha

Proinsias O Cruig OCP

Is fada CLG Ard an Rátha ag fanacht le Comórtas Peile na Gaeltachta ach tá an deireadh seachtaine buailte leo.

Beidh seacht bhfoireann is fiche ag imirt sa chomórtas thar an deireadh seachtaine saoire bainc idir fir is mná, sinsear agus sóisear.

Chomh maith le foirne ó Dhún na nGall tiocfaidh foirne as Átha Cliath, Maigh Eo, Gaillimh, Londain, an Mhí, Corcaigh agus Béal Feirste. Fosclaítear an clubtheach nua fosta thar an deireadh seachtaine.

Taobh amuigh d’imeachtaí na páirce, beidh réimse leathan imeachtaí ar bun, céilithe, seisiúin ceoil, Tráth na gCeist agus Comórtas an Chailín Ghaeiligh. Mhol Proinsias Mac Aoidh, Cathaoirleach an Chomórtais i gCLG Ard an Rátha, na daoine a chuidigh an Comórtas a éagrú.

‘Tá jab ar fheabhas déanta ag roinnt daoine le tamaill anuas. Tá an méid sin daoine i gceist is deacair iad a ainmniú. Tá áiseanna d’ard- chaighdeán againn in Ard an Rátha, ar chomhcéim le áit ar bith ar fud na tíre,’ a deireann sé.

‘Chuidigh Comórtas Peile na Gaeltachta linn críoch a chur leis an tionscadal agus is deis é an deireadh seachtaine seo an clubtheach a thaispeáint i mbarr a ghlóire.

Bíonn an baile gnóthach de ghnáth an deireadh seachtaine saoire bainc agus tá muid ag súil le slua mór le linn an Comórtais. Tá an lóistin éagraithe agus le cuidiú Dé anois beidh aimsir mhaith againn,’ a deir Proinsias.
cpng

By Sinéad Breen Donegal PRO Fri 29th May

Related News

View All

Main Sponsor

Our Sponsors